Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Bairiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ba |
Uimhir adamhach | 56 |
Mais adamhach | 137.327 |
Cumraíocht leictreon | 6s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 miotal cré-ailcealach |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 3.338 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 727 |
Fiuchphointe | 1,897 |
Leictridhiúltacht | 0.89 |
Ga ianach | 1.35, 1.42 agus 1.61 |
Stair | |
Aimsitheoir | Humphry Davy agus Carl Wilhelm Scheele |
Fionnachtain | 1808 agus 1772 |
Eapainm | meáchan |
Is é an bairiam (siombail cheimiceach: Ba) dúil uimhir a 56. Ceann de na miotail chré-alcaileacha atá ann, agus é sách nimhiúil d'orgánach an duine, cé go bhfuil sé sách cosúil leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de. Tá sé iseatóp cobhsaí ann, agus bairiam an dúlra comhdhéanta astu chomh maith le haon raidiseatóp fadsaolach amháin. Sa speictreascópacht, is ar an líne uaine a aithnítear é, agus úsáidtear é sna roicéid tine ealaíne le dath uaine a chruthú.
Miotal bog é an bairiam, agus loinnir airgeadgheal ann. Más bairiam glan ar fad atá ann, is féidir traidhfilín den dath órga a aithint, fiú. Chomh haraiciseach atá an bairiam chun imoibriúcháin, áfach, tiocfaidh smúid ocsaíde air go tiubh, má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. De dheasca na himoibritheachta seo tá sé beagnach dodhéanta glanbhairiam a aonrú, agus níl sé furasta saintréithe an bhairiam a shocrú ach an oiread. Is é an leáphointe atá aige ná 1000 ceilvin, nó 730 céim de réir Celsius; is é an fiuchphointe ná 2170 ceilvin, nó 1900 céim de réir Celsius - níos airde ná fiuchphointe an strointiam. Is é an dlús atá ag an mbairiam ná 3.62 g/cm3: idir eatarthu idir an strointiam agus an raidiam arís.
Tá an bairiam cosúil leis na miotail chré-alcaileacha eile, nó níl ach dhá fhiúsleictreon aige, agus é sásta iad a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar sin is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +2, beagnach gan eisceacht: uaireanta is féidir teacht ar bhairiam (I) i móilíní an-éagobhsaí. Bíonn an bairiam ag imoibriú go heisiteirmeach leis na neamh-mhiotail má théitear suas é, agus creimeann na haigéid é chomh maith - is é an t-aigéad sulfarach an eisceacht is tábhachtaí, nó má thagann an bairiam i dteagmháil leis an aigéad seo, foirmeofar smúid sulfáite ar an dromchla, agus tá an tsuilfáit bhairiam chomh dothuaslagtha is go n-éighníomhóidh sí an bairiam.
Is iad iseatóip nádúrtha an bhairiam ná:
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |