Fisicí a rugadh i Sioux City, Iowa ar an 22 Eanáir 1936 is ea Alan J. Heeger. Bhain sé dochtúireacht i bhfisic amach ó Ollscoil California, Berkeley sa bhliain 1961. Le Alan MacDiarmid is Hideki Shirakawa, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 2000 as a shaothar chun polaiméirí seoltacha a fhionnadh is a fhorbairt.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |