Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Eanáir 1874 An Caisleán Thoir, Éire |
Bás | 13 Lúnasa 1945 71 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Droim Conrach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scoláire Gaeilge, múinteoir, staraí, eagarthóir, scríbhneoir agus cigire ab ea Énrí Ó Muirgheasa (Béarla: Henry Morris), a rugadh sa bhliain 1874 i gContae Mhuineacháin. Ba iad Lócás agus Moya Nic an Bhaird a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar scoil den chéad uair i Lios Dúnáin nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois agus d'fhan sé ansin go dtí go ndearnadh monatóir de sa bhliain 1888. Gaeilge ó dhúchas a bhí ag a mhuintir. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, ó Mheán Fómhair 1899 go dtí mí Iúil 1900. Bhunaigh sé an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i gContae Mhuineacháin sa bhliain 1895 i dteach scoile Lios Dúnáin. Bhí sé ina Chigire Roinne agus ina Leas-Phríomhchigire de chuid na Roinne Oideachais. Sa bhliain 1901 chuir sé aithne ar an bPiarsach den chéad uair, agus ar Henry Tempest, an clódóir i nDún Dealgan. Sa bhliain 1903, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Staire agus Seandálaíochta Chontae Lú.
I mí Iúil 1906, phós se Eilís Ní Rathallaigh as Dún Dealgan, a bhí ag teagasc in éineacht leis i Scoil Mhaolseachlainn. Rugadh mac dóibh, Colm, an bhliain dár gcionn ach fuair sé bás nuair a bhí sé naoi mí d'aois. Cúig mhí ina dhiaidh sin, fuair a bhean Eilís féin bás. Sa bhliain 1912 phós sé arís.
Bhailigh sé agus d'fhoilsigh sé: